Naomh Seachnall

270

Bunaitheoir agus patrún ar Dhún Seachlainn , Contae na Mí, ab ea Secundinus nó Seachnall mar a tugtar air i nGaeilge. De réir thraidisiún meánaoiseach , deisceabail de Naomh Pádraig agus duine de na chéad easpaig Ard Mhacha ab ea é chomh maith.

Faightear roinnt mhaith eolais maidir leis an naomh seo ó fhoinsí éagsúla, lena n-áirítear Annála na hÉireann, Félire Óengusso agus mairtíreachtaí eile, chomh maith le beathaisnéis Naomh Pádraig. Ba é Seachnall an t-údar iomann luath Laidine a mholann Naomh Pádraig, ar a dtugtar Audite Omnes Amantes. Tugann an réamhrá roimh an iomann roinnt sonraí beathaisnéiseacha an naoimh, lena n-áirítear finscéal faoi achrann agus athmhuintearas Seachnall le Pádraig as a dtáinig an spreagadh don  iomann seo.

Scríofa i Sean Ghaeilge, seo an cur síos a rinne Félire Óengussa ar an iomann.

‘Srúaim n-ecnai co n-áni,

Sechnall aigne ar flathae,

ro gab ceol, sóer solad,

Machae Pátric.’

‘Sruth críonnachta le breáthacht,

Seachnall mionn ríoga ár dtiarnaí,

Fonn cantaireachta — leas uasal! —

Ag moladh Pádraig Ard Mhacha.’

De réir thraidisiún, is cosúil gur de bhunadh na hIodáile é Seachnall. Bhí an-tóir ar an leagan Laidine dá ainm, Secundinus, sa réigiún sin le linn na tréimhse stairiúla seo, rud a chuireann leis an gcosúlacht seo.

Tugtar  suntas do seo den chéad uair i réamhrá Éireannach d’Iomann Sheachnaill. Deirtear gurbh é Restitus a athair, duine de mhuintir Lombardach na hIodáile. Ba í Darerca, deirfiúr Naomh Pádraig, a mháthair.

Tuairiscíonn Annála na hÉireann gur tháinig easpaig Seachnall, Auxilius agus Iserninus go hÉirinn chun cabhrú le Naomh Pádraig i 439.Tá roinnt scoláirí den tuairim go raibh Seachnall  in Éirinn roimh Naomh Pádraig. Dar leis an Ollamh Uí Raghallaigh bhí Seachnall, ar dhuine de thriúr easpag a tháinig go hÉirinn níos luaithe ná sin chun cabhrú le Palladius, a raibh tús curtha lena mhisean sa bhliain 431. Tugadh Patricius ar Palladius freisin. Is minic a bhíonn gnéithe den dhá bheatha measctha dá bharr.

De réir bheathaisnéis Phádraig fágadh  Seachnall   i gceannas na hEaglaise in Éirinn nuair a chuaigh Pádraig  go dtí an Róimh chun iarsmaí Naomh Peadar agus Pól a thabhairt ar ais go hÉirinn.

Fuair Seachnall bás  sa bhliain 448 agus é 75 bliain d’aois. Meastar gurbh é an chead easpag Críostaí chun bás a fháil in Éirinn.

De réir thraidisiún, cuireadh é san áit ina bhfuil  reilig Eaglais na hÉireann suite i Sráidbhaile Dún Seachlainn sa lá atá inniu ann. Tá go leor tagairtí dó timpeall an tsráidbhaile sin ar nós ‘Mainistir Sheachnall’ agus ‘Plás Sheachnall’.

Is é an 27ú Samhain a lá féil