
Sagart agus scoláire as Connacht ab ea Naomh Iarlaith, ar a dtugtar Iarladh mac Loga. Cuimhnítear air mar bhunaitheoir scoil mhainistreach Thuama agus Ard-Deoise Thuama, a bhfuil sé ina phátrún anois. Níl aon saol meánaoiseach ann d’ Iarlaith ar marthain, ach i measc na bhfoinsí dá shaol tá ginealais, mairtíreachtaí, Beathaí Naomh Breandán as Cluain Fearta , maraon le beathaisnéis eile ón 17ú haois.

De réir Ghinealas na hÉireann bhí beirt naomh ann darbh ainm Iarlaith : Iarlaith mac Lugh, bunaitheoir Thuama, agus Iarlaith mac Trian, easpag Ard Mhacha. Deirtear gur leis an Conmhaícne Iarlaith Thuama , a bhí i gceannas ar an gcuid is mó de pharóiste Thuama. Deirtear gur bhain an naomh eile leis an Dál Fiatach in oirthear Uladh.
Dhréachtaigh Seán MacColgán, manach Proinsiasach, staraí agus naomhsheanchaí, cuimhní cinn ar an naomh ina shaothar suntasach, Acta Sanctorum Hiberniae (1645). Tugann an saothar seo le fios go ndearna Iarlaith staidéar faoi Naomh Benignus , deisceabal Naomh Pádraig, ag a Mhainistir i gCill Bheanáin. Ina dhiaidh sin, bhunaigh sé a chéad mhainistir ag Cluain Fois, in aice an cheantair ina bhfuil Tuaim sa lá atá inniu ann. Deirtear gur mheall a scoil mhainistreach scoláirí ó gach cearn d’Éirinn, lena n-áirítear mic léinn mar Naomh Breandán as Cluain Fearta agus Naomh Colmán as Cluain.
Tá Iarlaith Thuama le feiceáil go hachomair mar dhuine mór le rá i saol meánaoiseach Naomh Breandán as Cluain Fearta. Deirtear gur thug Brendan cuairt ar Chonnacht chun staidéar a dhéanamh faoi Iarlaith a raibh clú agus cáil air ag an am. Lá amháin, nuair a bhí Iarlaith ina sheanaois, chomhairligh Breandán dá mheantóir an scoil a fhágáil agus imeacht i gcarbad nua-thógtha go dtí go mbrisfeadh a dhá seafta deiridh, mar gur ann a mbeadh áit a aiséirithe agus áit aiséirithe go leor daoine eile ina dhiaidh. Mar gheall gur thug Iarlaith aitheantas do dhiagacht agus eagna níos fearr a dhalta Breándán ghlac sé go sásta lena chomhairle. Níor thóg a thaisteal an-fhada uaidh, mar bhris na seaftaí ag Tuaim dá Ghualann, ana ghar do Chluain Fois.
Is ann a bhunaigh Naomh Iarlaith mainistir eile, Scoil Thuama. Mar ba dhual do lonnaíochtaí luatha in Éirinn, bunaíodh suíomhanna reiligiúnacha ar dtús agus d’fhás bailte timpeall orthu, mar an gceanna , d’fhás Tuaim timpeall na mainistreach. Tá roth an charbaid mar shiombal araltach an bhaile sa lá atá inniu ann.
Deirtear go raibh ról lárnach ag Naomh Breándán le bunú Thuama agus é ag obair as lámh a chéile le Naomh Iarlaith. In aineoinn ról an dhá naomh mór le rá seo lena bhunú, níor ghnóthaigh Tuama stádas cathair naofa Chonnacht go dtí an bhliain 1152 ag Sionad Cheanannas.
D’éag Iarlaith ar an 26 Nollaig, thart ar an mbliain 540 agus é 90 bliain d’aois.
Déantar céiliúradh ar á lá féile ar an 6ú Meitheamh, cé gur déantaí céiliúradh air lá Nollag tráth. Tugtar urraim dó ó Eaglais Cheartchreidmheach an Oirthir agus an Eaglais Chaitliciceach Rómhánach araon.